Gairmeacha
Fostaíocht le TII
Tá Infrastruchtúr Iompair Éireann (TII) freagrach as seachadadh agus oibriú seirbhísí bonneagair iompair sábháilte agus éifeachtúla, lena n-áirítear líonraí bóthair náisiúnta agus iarnróid éadroma na tíre. Is é misean TII ná bonneagar agus seirbhísí iompair a sheachadadh le caighdeán maireachtála mhuintir na hÉireann agus tacaíocht a thabhairt d'fhás eacnamaíoch na tíre. Tá TII lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus fostaíonn an eagraíocht réimse leathan disciplíní gairmiúla, riaracháin agus teicniúla.
Ag teacht le cleachtas na hEarnála Poiblí, tá ár nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin bunaithe ar an gCreat um Inniúlacht PAS agus leanann ár n-agallamh le formáid inniúlachta leathstruchtúrtha.
Aithnítear le lógó Fhostóir Creidiúnaithe CPD Innealtóirí Éireann dea-chleachtas eagraíochta i limistéar na forbartha gairmiúla d’innealtóirí agus foireann theicniúil agus tugann an Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht fhoirmiúil dóibh.
Folúntais Reatha
TII GDPR Provisions - Recruitment